CÓR FHÉILE NA SCOL | Corcaigh
Amhrán an Cór Fhéile
Tá éinín ag cantain ar bhruacha na Laoí,
Tá duilleóigí glasa ag teacht ar na crainn,
Tá seamar ag fás ar na bánta go mín,
Mar tá deire le codladh na gréine.
Is éirigí suas a cháirde mo chroí,
Is líonaigí clár geal na spéire go binn,
Le poirtíní ceóil cuir deire le brón,
Is bímís ag cantain le céile.
A Sheahchathair Aoibhinn
by Áine Ní Charthaigh
Tar liom, a chara go Corcaigh inné,
Is smaoinigh ar an sean áit is a muintir sa chré,
Tógtha sa sean-nós leis an láimh fód ar fhód,
Ag daoine gan saibhreas ach croí mór is bród.
Cathair le oileáin is droichid is cnoic,
Sráideanna gleoite,abhainn le bric,
Daoine le dóchas, féimmheas go brách,
Uasal is flaithiúil le fáilte roimh chách.
Curfá:
A sheanchathair álainn, aoibhinn is séimh,
A sheanchair uasal iontach is tréan,
Tabhair dúinne misneach i ndiaidh an lae,
Neart agus suaimhneas go deireadh ré.